Achoimre ar na hAthruithe ar Chomhaontú Seirbhísí Microsoft – 30 Meán Fómhair, 2024
Tá Comhaontú Seirbhísí Microsoft á nuashonrú againn, comhaontú a rialaíonn an úsáid a bhaineann tú as táirgí agus seirbhísí ar líne Microsoft do thomhaltóirí. Gheofar ar an leathanach seo achoimre ar na hathruithe is suntasaí ar Chomhaontú Seirbhísí Microsoft.
Chun gach athrú a fheiceáil, léigh Comhaontú Seirbhísí Microsoft ina iomláine anseo.
- Sa cheanntásc, nuashonraíomar an dáta foilsithe go 30 Iúil, 2024, agus an dáta éifeachtach go 30 Meán Fómhair, 2024.
- Sa rannán Na Seirbhísí & Tacaíocht a Úsáid, laistigh den rannán Modhnóireacht agus Forfheidhmiú chuireamar nasc lenár leathanach beartais sheachtraigh ar mhaithe le soiléireacht agus éascaíocht úsáideoirí.
- Sa rannán Téarmaí Íocaíochta, shoiléiríomar na téarmaí a bhaineann le toiliú a sholáthar le haghaidh athrú praghais do do Sheirbhís, agus go gcuirfear i gcuimhne duit conas na Seirbhísí a chur ar ceal.
- Sa rannán Téarmaí a bhaineann le Seirbhísí sonracha, chuireamar na nithe seo a leanas agus rinneamar na hathruithe seo:
- Sa rannán Xbox, shoiléiríomar go bhféadfadh sé go gceanglóidh ardáin tríú páirtí neamh-Xbox ar úsáideoirí a n-inneachar agus a sonraí a roinnt chun teidil Xbox Game Studio a imirt agus féadfaidh na hardáin tríú páirtí seo do shonraí a rianú agus a chomhroinnt, faoi réir a dtéarmaí siúd. Mhíníomar i bhfo-rannán Leanaí ar Xbox go bhféadfadh sé nach mbeadh gnéithe socruithe teaghlaigh ar fáil nuair a dhéantar rochtain ar theidil Xbox Game Studio ar ardáin tríú páirtí. Shoiléiríomar go bhféadfadh a dtéarmaí úsáide agus a gcóid iompair féin a bheith ag roinnt Seirbhísí Xbox.
- Sa rannán Gnéithe Teaghlaigh Microsoft, shoiléiríomar go bhfuil na gnéithe seo eisiach do Sheirbhísí Microsoft agus seans nach mbeidh siad ar fáil ar ardáin eile.
- Microsoft Cashback: Chuireamar rannán leis ar an gclár Microsoft Cashback chun cur síos a dhéanamh ar an gclár agus chun a dheimhniú gur gá le glacadh le Téarmaí agus Coinníollacha Cashback chun páirt a ghlacadh sa chlár.
- Sa rannán Microsoft Rewards, chuireamar foclachas leis le soiléiriú a thabhairt ar conas Pointí a éileamh ar an Deais Rewards agus nach mbronnfar Pointí ach ar son na gCuardach sin a úsáidtear chun críocha taighde pearsanta de mheon macánta.
- Chuireamar rannán leis chun na téarmaí agus na coinníollacha a rialaíonn úsáid seirbhísí Eispéireas AI Copilot a dheimhniú.
- Rinneamar an rannán ar Sheirbhísí AI a nuashonrú chun soiléireacht a chur leis maidir le AI cúnta, úinéireacht ábhair, dintiúir ábhair, agus éilimh tríú páirtí.
- Chuireamar rannán leis ina mínítear ár gcur chuige i leith an chomhlíonta mar a éilíonn an tAcht Eorpach um Inrochtaineacht.
- Ó thús deireadh na dTéarmaí, rinneamar athruithe chun soiléire a fheabhsú agus chun díriú ar bhotúin ghramadaí, litrithe agus rudaí eile dá sórt. Tá ainmniú agus hipearnaisc nuashonraithe againn freisin.